Cruinniú de Stiúrthóirí Ranna Dlí an AE

An Coiste Polaitiúil agus Slándála

Eolas praiticiúil

Dáta

13 - 14 Deireadh Fómhair 2026

Suíomh

Baile Átha Cliath, Éire

Eagraí

An Roinn Gnóthaí Eachtracha agus Trádála

Ó bhí 2022 ann, tá cruinniú de Stiúrthóirí Dlí an AE á reáchtáil ag Uachtaránachtaí ar bhonn rialta mar dheis neamhfhoirmiuil ar na príomhthreochtaí reatha nó na saincheisteanna atá ag teacht chun cinn a phlé.

Tá an plé bunaithe ar chuir i láthair ó aoichainteoirí ar shaincheisteanna dlí tráthúla, lena n-áirítear ionadaithe ó Sheirbhís Dlí an Choimisiúin Eorpaigh agus ó Sheirbhís Dlí na Comhairle, cleachtóirí dlí sinsearacha nó acadóirí sinsearacha. Sa chruinniú, bíonn deis thábhachtach ag comhairleoirí dlí a bhíonn ag plé le cúrsaí caipitil agus a bhíonn ag déileáil le saincheisteanna cothrománacha um dhlí an AE ar theacht le chéile chun smaointe agus tuairimí maidir le dúshláin chomhroinnte a mhalartú.