Cruinniú den Ghréasán Breithiúnach Eorpach in ábhair shibhialta agus tráchtála

An Coiste Polaitiúil agus Slándála
Ceantar siopadóireachta sa Bhruiséil

Eolas praiticiúil

Dáta

10 - 11 Nollaig 2026

Suíomh

Baile Átha Cliath, Éire

Eagraí

An Roinn Dlí agus Cirt, Gnóthaí Baile agus Imirce

Cruinniú de Phointí Teagmhála an Ghréasáin Bhreithiúnaigh Eorpaigh in ábhair shibhialta agus tráchtála.

Tá an cruinniú seo ina uirlis thábhachtach le haghaidh comhar breithiúnach i limistéar ceartais shibhialta an AE. Féachann an líonra leis an gcomhar breithiúnach idir Ballstáit an AE a shimpliú agus a neartú chun leasa na saoránach is na ngnólachtaí sin a bhíonn ag plé le cásanna trasteorann tráchtála sibhialta agus teaghlaigh. Tacaíonn sé leis na húdaráis lárnacha náisiúnta sin arna mbunú le hionstraimí sonracha dlí de chuid an AE agus éascaíonn sé teagmháil idir cúirteanna éagsúla trí líonra pointí teagmhála náisiúnta.

Sa chruinniú, díreofar ar fheidhmiú ‘Rialachán IIb na Bruiséile’ - reachtaíocht an AE maidir le dlínse, aithint agus forfheidhmiú cinntí i gcúrsaí pósta agus nithe i dtaoobh freagracht tuismitheoirí, agus ar fhuadach idirnáisiúnta leanaí.