Is é a dhéanann an Grúpa Saincheiste um an bhForaoiseacht Talmhaíochta agus um Úsáid Eile Talún (IG AFOLU) an dóigh a ndéantar, mar gheall ar ghníomhaíochtaí daonna amhail an fheirmeoireacht, an fhoraoiseacht agus bainistiú talún, gáis cheaptha teasa a sceitheadh amach san atmaisféar, nó dé-ocsaíd charbóin a tharraingt as, a rianú agus a thuairisciú.
Sa chruinniú seo, tabharfar caoi do shaineolaithe na mBallstát agus don Choimisiún Eorpach páipéir sheasaimh agus straitéis chaibidlíochta a ullmhú roimh chruinniú Chomhdháil na bPáirtithe (COP31) i gCreat-Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe maidir leis an Athrú Aeráide (UNFCCC) in Antalya, sa Tuirc, i mí na Samhna 2026.
Le linn an chruinnithe, déanfar scrúdú ar an dóigh le maolú a dhéanamh ar astaíochtaí gás ceaptha teasa in earnáil na foraoiseachta, in earnáil na talmhaíochta agus in earnáil na húsáide eile talún chun an t-athrú aeráide a chomhrac.