Bíonn an Mheitheal um Iomaíochas agus Fás (Ardleibhéal) (COMPGRO HLG) ag obair chun plé a ullmhú sa Chomhairle Iomaíochais (COMPET).
Ó thús deireadh na dtrí Uachtaránacht, ó Iúil 2026 go Nollaig 2027, déanfaidh Éire cathaoirleacht ar COMPGRO HLG, agus déanfaidh an Liotuáin agus an Ghréig comhchathaoirleacht air.
Is fóram é an Grúpa Ardleibhéil inar féidir le hoifigigh shinsearacha ó Bhallstáit an AE faireachán a dhéanamh ar staid an chomhtháthaithe sa Mhargadh Aonair, agus tacú le COMPET agus faireachán agus príomhshruthú á ndéanamh aige ar an iomaíochas ar fud an AE.
Déanann na hoifigigh plé ar an dul chun cinn arna dhéanamh, ar dhúshláin a bhaineann leis an Margadh Aonair, ar shimpliú rialála agus rialáil níos fearr, ar an mbeartas tionsclaíoch, agus ar a lán nithe eile ar dá mbarr is féidir leis an AE a bheith iomaíoch.
Déanann an Grúpa Ardleibhéil tosaíochtaí beartais ábhartha de chuid an AE a mheas freisin, tugann sé treoir maidir leis na réimsí a bhféadfadh sé go gcaithfí idirghabháil úr a dhéanamh ina leith, e.g. idirghabháil arna déanamh ag an gCoimisiún Eorpach, agus déanann sé malartú faisnéise agus dea-chleachtas idir na Ballstáit a chur chun cinn.