Sa Chruinniú idir Ofigigh Shinsearacha ón Aontas Eorpach agus Ofigigh Shinsearacha ó na Stáit Aontaithe maidir le Ceartas agus Gnóthaí (JHA), tiocfaidh Oifigigh Shinsearacha de chuid an AE agus Oifigigh Shinsearacha de chuid SAM le chéile d'fhonn treisiú leis an gcomhar i réimse na slándála agus i réimse an cheartais.
Tagann oifigigh shinsearacha ón Aontas Eorpach agus ó na Stáit Aontaithe le chéile gach sé mhí chun príomhréimsí comhair maidir le slándáil agus ceartas a phlé. Díríonn siad go háirithe ar chomhar sa chomhrac i gcoinne na coireachta eagraithe agus tromchúisí, i gcoinne na gáinneála ar dhrugaí agus i gcoinne na sceimhlitheoireachta. I gcruinniú na nOifigeach Sinsearach, déanfar ullmhúchán i gcomhair cruinniú a bheidh ar siúl tráth is faide anonn ar Leibhéal na nAirí idir an AE agus na Stáit Aontaithe, ar lena linn a dhéanfaidh an tAire Dlí agus Cirt, Gnóthaí Baile agus Imirce ionadaíocht ar Chomhairle an Aontais Eorpaigh. Ó thaobh an AE de, bíonn ionadaithe ó Uachtaránacht na hÉireann, ón gCoimisiún Eorpach, ó Europol agus ó Eurojust, ó Ardrúnaíocht na Comhairle agus ó Oifig Chomhordaitheoir Frithsceimhlitheoireachta an AE i láthair ag Cruinniú na nOifigeach Sinsearach. Ó thaobh na Stát Aontaithe de, bíonn ionadaithe ón Roinn Slándála Dúiche, ón Roinn Dlí agus Cirt, agus ó Roinn Stáit na Stát Aontaithe i láthair ag an gcruinniú.