Cruinniú neamhfhoirmiúil de na hAirí Comhionannais (EPSCO, Comhionannas)

Cruinniú aireachta neamhfhoirmiúil
Aon aghaidh amháin déanta d'íomhánna den iliomad duine ar aoiseanna éagsúla

Eolas praiticiúil

Dáta

22 - 23 Samhain 2026

Suíomh

Ciarraí, Éire

Eagraí

An Roinn Leanaí, Míchumais agus Comhionannais

Beidh cruinniú neamhfhoirmiúil d'Airí sin an AE atá freagrach as an gcomhionannas ar siúl an 22 agus an 23 Samhain i dTrá Lí, Contae Chiarraí.

Is í Aire Leanaí, Míchumais agus Comhionannais na hÉireann, Norma Foley, TD, a bheidh ina cathaoirleach ar an gcruinniú neamhfhoirmiúil ina dtiocfaidh Airí sin an AE atá freagrach as comhionannas, comhionannas inscne agus míchumas, maille le hionadaithe ón gCoimisiún Eorpach, Gníomhaireachtaí den AE, agus ionadaithe ó eagraíochtaí  sin an AE den tsochaí shibhialta, le chéile.

Mar fhreagairt ar Straitéis nua an Choimisiúin Eorpaigh um Chomhionannas Inscne, pléifidh na hAirí ról lárnach an chomhionannais inscne maidir le borradh a chur faoin rathúnas agus faoin iomaíochas. Sa chruinniú, déanfar plé ar ghníomhaíochtaí nithiúla chun mná agus cailíní a chumhachtú, agus chun ról a thabhairt d'fhir agus do bhuachaillí  in Eoraip atá fíorchomhionann ó thaobh na hinscne de. Sa chruinniú freisin, déanfar plé spriocdhírithe ar an dóigh ar féidir leis an AE agus le Ballstáit uile an AE beart a dhéanamh de réir a mbriathair i leith daoine faoi mhíchumas. Sa chruinniú, ina leagfar béim ar ár ngealltanais chomhroinnte maidir le Coinbhinsiún na Náisiún Aontaithe ar Chearta Daoine faoi Mhíchumas, díreofar ar aghaidh a thabhairt ar na bacainní sin atá ina mbac ar dhaoine faoi mhíchumas a bheith rannpháirteach go hiomlán agus go héifeachtach sa tsochaí ar an mbonn céanna le daoine eile.