Beidh cruinniú neamhfhoirmiúil d'Airí sin an AE atá freagrach as an tithíocht ar siúl an 25 agus an 26 Samhain i mBaile Átha Cliath.
Is é Aire Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta na hÉireann, James Browne, TD, a reáchtálfaidh an cruinniú agus beidh deis thábhachtach ag Airí an AE lena linn ar pháirt a ghlacadh i malartú tuairimí ar na dúshláin tithíochta atá ann faoi láthair.
Sa chruinniú, beidh mórdheis ag na Ballstáit ar dhul i mbun idirphlé straitéiseach, ar thaithí a chomhroinnt agus ar theacht ar chomhdhearcadh d’fhonn dul chun cinn a dhéanamh i leith an phlé ar an gclár oibre Eorpach maidir le tithíocht, lena n-áirítear ar phríomhghnéithe den Phlean Eorpach um Thithíocht Inacmhainne (a foilsíodh i mí na Nollag 2025).
Ina theannta sin, sa chruinniú, tabharfar deis do na hAirí sin atá freagrach as tithíocht agus as easpa dídine ar thosaíochtaí comhroinnte a chomhall agus a phlé agus béim á leagan ar dhul chun cinn a dhéanamh i leith moladh ón gComhairle maidir le heisiamh tithíochta a chomhrac, ar príomhghníomhaíocht é sa Phlean Eorpach um Thithíocht Inacmhainne. Sa mholadh úd, féachtar le tacú le bearta lena dtabharfar aghaidh ar eisiamh tithíochta, agus lena ndéanfar an easpa dídine a chosc agus aghaidh a thabhairt uirthi.