Sa Chruinniú Neamhfhoirmiúil de na Stiúrthóirí Polaitiúla, a bheidh ar siúl an 29 agus an 30 Deireadh Fómhair 2026, beidh deis ag oifigigh shinsearacha ar phlé a dhéanamh ar shaincheisteanna maidir le Beartas Eachtrach agus Slándála an AE agus ar na forbairtí idirnáisiúnta is déanaí.
Tá Éire, i gcomhar leis an tSeirbhís Eorpach Gníomhaíochta Seachtraí, ag eagrú cruinniú neamhfhoirmiúil de Stiúrthóirí Polaitiúla an AE.
Bíonn an cruinniú neamhfhoirmiúil de Stiúrthóirí Polaitiúla an AE ar siúl gach sé mhí, aon uair amháin le linn gach Uachtaránachta. Sa chruinniú, bíonn deis ag oifigigh shinsearacha ar phlé a dhéanamh ar fhorbairtí, ar thosaíochtaí agus ar thuairimí maidir leis na príomh-shaincheisteanna i dtaca le beartais eachtracha agus slándála an AE.
Bíonn Stiúrthóirí Polaitiúla Bhallstáit an AE agus oifigigh ón tSeirbhís Eorpach Gníomhaíochta Seachtraí agus ón gCoimisiún Eorpach i láthair ag an gcruinniú, ar fóram luachmhar é inar féidir le hoifigigh shinsearacha malartuithe neamhfhoirmiúla a dhéanamh.
Is oifigigh taidhleoireachta shinsearacha iad Stiúrthóirí Polaitiúla atá freagrach as an mbeartas eachtrach a mhúnlú, a stiúradh agus a chomhordú laistigh dá n-aireachtaí eachtracha féin.