Le linn Uachtaránacht na hÉireann ar Chomhairle an Aontais Eorpaigh, leagfar béim ar Lá Idirnáisiúnta an Phá Chomhionann an 18 Meán Fómhair 2026.
Sa chéad chuid den lá, tabharfar aitheantas do chéad bhliain na hÉireann mar bhall den Chomhghuaillíocht Idirnáisiúnta um Pá Comhionann (EPIC). San imeacht, cuirfear béim ar na hiarrachtaí arna ndéanamh ar phaireacht phá a bhaint amach d’fhir agus do mhná agus déanfar plé ar cé na bearta is féidir a dhéanamh chun an bhearna phá idir na hinscní a laghdú. Beidh oifigigh náisiúnta agus idirnáisiúnta atá ag obair chun dul chun cinn a spreagadh sa réimse úd i láthair ag an imeacht seo.
Sa dara cuid den lá, díreofar ar léacht Edward Phelan. Tá Ollscoil na hÉireann agus an Eagraíocht Idirnáisiúnta Saothair (EIS) ag obair i gcomhar le chéile chun an léacht sin a eagrú dhá uair sa bhliain ó bhí 2013 ann. Beidh acadóirí, taighdeoirí agus oifigigh náisiúnta agus idirnáisiúnta i láthair ag an léacht úd.