Is é atá i gCruinniú Chinn SIRENE fóram chun taithí agus dea-chleachtais i dtaca leis an malartú faisnéise a chomhroinnt chun tacú leis an Treoir maidir le Malartú Faisnéise.
De thoradh chur chun feidhme Threoir 2023/977/AE lena rialaítear malartú idirnáisiúnta faisnéise laistigh den AE, reáchtáiltear cruinnithe de Chinn SPOC ar bhonn rialta. Beidh an cruinniú seo, ar cuid d'Uachtaránacht na hÉireann ar Chomhairle an Aontais Eorpaigh é, ina chruinniú feidhmiúil ina ndíreofar ar mhalartú faisnéise in ábhair choiriúla agus forfheidhmithe dlí sna Ballstáit uile agus san Eoraip trí chéile.