Tá ciall bhunúsach ag baint leis na focail a úsáidimid, ciall a léiríonn cé muid féin agus an bealach a mbímid ag smaoineamh. Tugann siad léiriú do dhaoine eile ar a bhfuil ar eolas againn, ar a bhfuil tábhachtach dúinn, agus ar an gcaoi a mbraithimid a bhfuil thar timpeall orainn. Tugann focail léargas dúinn ar an gcaoi a mbíonn daoine ag maireachtáil agus ar an gcaoi a bpróiseálann siad an taithí sin.
Is toradh iad na focail a tháinig anuas chugainn ón Éirinn Ghaelach ar chultúr saibhir éagsúil an traidisiúin scríofa, traidisiún a cleachtadh in ionaid eaglasta ar dtús, ó bhí an séú haois ann nó mar sin sa Chomh-Ré (CR).
Is suntasach an raon ábhair a táirgeadh i nGaeilge na meánaoise.
I measc an ábhair sin, tá téacsanna dlíthiúla a chumhdaíonn idir dhúnmharú agus bheachaireacht, mar aon le cuntais ina ndearnadh taifead ó bhliain go bliain ar eachtraí ar díol spéise iad. Cruthaíodh corpas litríochta tuata ollmhór ina bhfuil scéalta agus dánta faoi ríthe agus laochra, faoi ghaiscígh agus mná. Insíodh scéalta faoi thurais go dtí an saol eile, faoi ainmhithe iontacha agus faoi aoibhneas na bhflaitheas. B’fháthscéalta iad na scéalta sin don mhaireachtáil Chríostaí agus bhí cuntas le fáil iontu ar mhúnlú thírdhreach na hÉireann. Thug siad cathanna agus imeachtaí tábhachtacha eile chun cuimhne.
Tríd an mbailiúchán liteartha ollmór sin, thug fir eaglaise agus scoláirí léargas dúinn ar chreidimh, nósanna agus saol laethúil na nGael – mar a d'itheadar, mar a d'óladar, mar a ghléasadar, mar a bhí grá acú dá chéile agus mar a d’insíodar bréaga.
Cuireann an taispeántas seo stair na hÉireann Gaelaí i láthair trí dheich bhfocal a bhí in úsáid ag na Gaeil.