I ngach ceann de na portráidí, is i suíomh a bhfuil tábhacht phearsanta nó chruthaitheach ag roinnt leis ó thaobh an scríbhneora de atá an scríbhneoir. Ar na suíomhanna sin, tá teaghaisí agus radhairc tíre mar aon le gnáthspásanna uirbeacha atá ina léiriú ar shaol samhlaíoch an scríbhneora.
Aistrítear litríocht na hÉireann i bhfad is i ngearr go teangacha Eorpacha, agus, ar an gcaoi sin, déantar scéalta a múnlaíodh in Éirinn agus ar an gcoigríoch a insint i gcomhthéacsanna úra, ina ndéantar iad a léamh, ina mbaintear ciall úr astu, agus ina gcomhroinntear in athuair iad.
Na scríbhneoirí a ndírítear orthu sa taispeántas, roghnaíodh iad toisc guth suaithinseach a bheith acu agus toisc aithne a bheith go fada leitheadach orthu. Is é an saol in Éirinn is bunús lena saothair, a léitear i gcomhthéacsanna cultúrtha éagsúla go fada fairsing. Is léiriú é a saothar ar aistir – aistir liteartha, aistir theangeolaíocha agus aistir fhisiceacha – a múnlaíodh trí aistriúchán, trí ghluaiseacht, agus trí mhalartú.
I dteannta na bportráidí tá leabharlann leabhar Éireannach leis na scríbhneoirí. Aistríodh na leabhair sin go teangacha Eorpacha agus is féidir iad a fháil ar iasacht ó Pharlaimint na hEorpa lena léamh agus le súp a bhaint astu.
Sa taispeántas, déantar, thar aon ní eile, ceiliúradh ar an scríbhneoireacht mar nasc – ní scéalta faoi aon áit amháin iad na scéalta a insíonn an scríbhneoir; is scéalta iad a shíntear ó ghlúin go glúin i dtólamh, a chomhroinntear i dtólamh, agus a cheaptar in athuair i dtólamh.
Sna portráidí suntasacha úd, tugtar léargas ar dhreach roinnt de na healaíontóirí is neamhghnáiche agus is suaithinsí ar thalamh na hEireann.