A ndúirt an tAire Helen McEntee ag Seoladh Preasa Thosaíochtaí agus Clár Beartais Uachtaránacht na hÉireann
Is í an oráid mar a tugadh í agus í sin amháin atá barántúil
Tá clár oibre uaillmhianach leagtha amach againn d’Uachtaránacht na hÉireann ar Chomhairle an Aontais Eorpaigh.
Chun an uaillmhian sin a chur i gcrích, beidh gá le hobair chrua, dlúthchomhar lenár gcomhpháirtithe san Aontas agus ndlúthchaidreamh le Parlaimint na hEorpa.
I gcás go leor daoine, tá an chosúlacht air go bhfuil Uachtaránacht an Aontais sách teicniúil.
I bhfírinne, is deis é d’Éirinn cabhrú chun clár oibre na hEorpa a mhúnlú ar feadh sé mhí, is é sin, tíortha a thabhairt le chéile, cathaoirleacht a dhéanamh ar phléití, cabhrú chun comhaontú a fhorbairt agus dul chun cinn a spreagadh maidir leis na saincheisteanna is mó tábhachtacht do shaoránaigh ar fud na hEorpa.
Tá an méid sin ag titim amach ag tráth cinniúnach don Eoraip.
Tá éiginnteacht shuntasach eacnamaíoch romhainn, ina measc sin, dúshláin slándála atá ag dul i méid agus athrú tapa teicneolaíoch. I dteannta na ndúshlán sin, áfach, is deiseanna suntasacha iad chun ár ngeilleagar a neartú, dlús a chur leis an nuálaíocht, an comhar a neartú agus todhchaí níos sláine agus níos rathúla a chothú. Tá an deis ag Éirinn chun cabhrú freagairt na hEorpa a mhúnlú agus cabhrú chun an cumas sin a chur i gcrích leis an Uachtaránacht seo.
Léirítear a mhó is atá ár n-uaillmhian le líon na ndúshlán agus na ndeiseanna atá roimh an Eoraip sa lá atá inniu ann trí phríomhthéamaí ár gcláir oibre: iomaíochas, luachanna agus slándáil.
Tá rún daingean agam é a léiriú leis an Uachtaránacht conas is féidir le hobair an Aontais leanúint de dhifear dearfach a dhéanamh do shaol agus do shlite beatha daoine ar fud na tíre.
Ar bhonn pearsanta, ní cuimhin liom uair nach raibh Éire mar bhall den Aontas Eorpach, agus is fíor sin i gcás go leor daoine.
Tá saoránaigh ar fud na hÉireann agus ar fud na hEorpa tar éis tairbhe shuntasach a bhaint as an méid atá bainte amach ag an Aontas Eorpach le blianta fada anuas. Tá na deiseanna chun maireachtáil, staidéar, obair agus taisteal a dhéanamh ar fud na hEorpa, an tsíocháin agus an chobhsaíocht i measc na rudaí ar chabhraigh an comhar Eorpach taca a chur futhú, agus na deiseanna eacnamaíocha a chruthaítear trí bhallraíocht, is nithe iad sin ar a ndéanaimid talamh slán díobh agus go leor againn ag fás aníos.
Dar liomsa, baineann Uachtaránacht rathúil le dhá rud. Ar an gcéad dul síos, baineann sé le dul chun cinn ceart a dhéanamh maidir le comhaid thábhachtacha reachtacha a chabhróidh chun todhchaí na hEorpa a mhúnlú. Ar an dara dul síos, baineann sé le cumarsáid éifeachtach a dhéanamh le daoine ionas go dtuigfidh siad cad is brí leis na cinntí sin ó thaobh na praiticiúlachta de agus an tionchar a bhíonn ag na cinntí ar a bpobail, ar phoist, ar a ndeiseanna agus ar a saol laethúil.
Neartóimid an Margadh Aonair, bainfimid bacainní ar thrádáil inmheánach, cabhróimid chun gnólachtaí agus FBManna Eorpacha leathnú ar fud na mór-roinne, agus cuirfimid leis an rochtain atá acu ar an maoiniú a chuirfidh ar a gcumas fás, trínár gclár oibre maidir le hiomaíochas.
Cuid lárnach den phlé sin is ea an Creat Airgeadais Ilbhliantúil (CAI), buiséad an Aontais. Tá an buiséad sin mar bhonn agus mar thaca ag an oiread sin den mhéid is féidir leis an Eoraip a bhaint amach. Is cuid lárnach dár gcuid oibre é a áirithiú go mbeidh na hacmhainní ag an Eoraip chun a huaillmhianta a bhaint amach.
Tá poist, fás agus deiseanna i gcroílár an mhéid sin. Is mian linn go leanfaidh an Eoraip de bheith ina háit inar féidir le gnólachtaí infheistíocht a dhéanamh inti, nuálaíocht a dhéanamh inti agus go n-éireoidh leo dul in iomaíocht, rud a chruthóidh rathúnas do shaoránaigh ar fud an Aontais.
Tabharfaimid faoi chlár oibre uaillmhianach a bhaineann leis an trádáil sheachtrach freisin, agus táim ag tnúth le dul chun cinn a dhéanamh i mo ról mar chathaoirleach ar chruinnithe Airí Trádála an Aontais.
Oibreoidh mé chun ár gcaidreamh trádála a neartú agus chun ár margaí a éagsúlú, agus cuirfidh mé caibidlíocht trádála le comhpháirtithe tábhachtacha ar nós na Malaeisia, na nOileán Filipíneach, na Téalainne agus Aontas na nÉimíríochtaí Arabacha chun cinn.
Féachfaidh mé freisin le caidreamh uaillmhianach trádála agus infheistíochta idir an tAontas agus na Stáit Aontaithe a thógáil a rachaidh chun sochair dúinn araon.
Cinnteoimid go seasfaimid le cearta bunúsacha agus go ndíreoimid ar na daoine is mó gá a bhfuil cosaint de dhíth orthu, trínár bhfócas ar luachanna.
Áirítear ár leanaí leis sin, agus díreoidh ár nUachtaránacht go láidir ar a áirithiú gur spás sábháilte agus sláintiúil do leanaí é an saol ar líne, agus obair á tabhairt chun cinn chun sábháilteacht leanaí ar líne a fheabhsú.
Leagfaimid béim ar a thábhachtaí atá ról domhanda an Aontais, ar an méid a chuireann sé leis na Náisiúin Aontaithe agus ar an tacaíocht a thugann sé don iltaobhachas, agus áiritheoimid go n-úsáidfidh sé a ghuth agus a thionchar chun an dlíchóras idirnáisiúnta, cearta an duine, an daonlathas agus an smacht reachta a chosaint.
I réimse na slándála, tá a fhios againn nach féidir le haon tír aghaidh a thabhairt ar iomlán na ndúshlán slándála atá ann cheana agus atá ag teacht chun cinn léi féin. Mar Aire Cosanta, tá rún daingean agam cur go gníomhach le forbairt leanúnach shlándáil agus chosaint an Aontais.
Le cogadh foghach na Rúise san Úcráin, tá athrú ó bhonn tagtha ar thírdhreach na slándála san Eoraip agus léiríodh leochaileachtaí nach mór do Bhallstáit uile an Aontais, lena n-áirítear Éire, aghaidh a thabhairt orthu.
Tacóimid leis an gcomhar chun aghaidh a thabhairt ar bhearnaí criticiúla cumais agus chun athléimneacht a chothú, lena n-áirítear bagairtí hibrideacha. Oibreoimid chun aghaidh a thabhairt ar dhúshláin slándála muirí agus chun slándáil ár mbonneagair chriticiúil a chinntiú. Beidh sé sin ina thosaíocht i gcónaí.
Cuirfidh Uachtaránacht na hÉireann rannpháirtíocht ghníomhach chun cinn chun tacú le síocháin agus slándáil mharthanach sa Mheánoirthear, go háirithe an choinbhleacht idir Iosraelaigh agus Palaistínigh, lena n-athdhearbhaítear tiomantas an Aontais don réiteach arb é dhá Stát.
Is Uachtaránacht í seo don tír ar fad.
Ina theannta sin, cinnteofar go dtionólfar cruinnithe agus imeachtaí Uachtaránacht an Aontais ar fud na tíre, tá tionscnaimh fógartha againn amhail Clár Péireála na gContaetha, de chuid Uachtaránacht an Aontais agus go bhfoilseofar leagan dár dtosaíochtaí Uachtaránachta do leanaí. Cinnteoidh siad sin go mbeidh an deis ag gach duine dul i mbun plé ar bhealach fiúntach le hUachtaránacht na hÉireann agus leis an ról atá againn san Eoraip.
Tá iarracht mhór náisiúnta amach romhainn, ach tá a fhios againn gur féidir linn aghaidh a thabhairt ar an dúshlán go héifeachtach.
Agus muid ag cur leis an obair atá déanta ag an gCipir le sé mhí anuas, táimid ag tnúth le hUachtaránacht na hÉireann lena ndéanfar dul chun cinn ceart maidir le saincheisteanna tábhachtacha atá ábhartha dár saoránaigh ar fud na hEorpa.
I ndeireadh na dála, déanfar an rath a thomhas, ní hamháin leis na comhaontuithe ar thángthas orthu agus leis an dul chun cinn reachtach a rinneadh, ach trí thuiscint a bheith ag daoine ar luach na hoibre sin agus ar an gcaoi a gcuireann sí feabhas ar a saol freisin.
Nuacht gaolmhar
-
Ráiteas ón Aire Stáit um Ghnóthaí Eorpacha agus Cosaint, Thomas Byrne TD
11 Meitheamh 2026 Aitheasc
-
A ndúirt an Tánaiste agus an tAire Airgeadais, Simon Harris, TD
11 Meitheamh 2026 Aitheasc
-
Óráid leis an Taoiseach Micheál Martin, TD
11 Meitheamh 2026 Aitheasc