Ráiteas ón Aire Stáit um Ghnóthaí Eorpacha agus Cosaint, Thomas Byrne TD

Aitheasc
Taoiseach, Micheál Martin TD, Tánaiste, Simon Harris TD, Minister Helen McEntee TD, Minister Seán Canney TD and Minister Thomas Byrne TD stand at podiums.

Is í an oráid mar a tugadh í agus í sin amháin atá barántúil

An 1 Iúil, beidh ról ceannasach ag Éirinn i seachadadh cláir oibre beartais a rachaidh chun sochair don Eoraip agus dár muintir san am atá le teacht.

Na tosaíochtaí agus na cuspóirí beartais atá leagtha amach againn inniu, is trí phróiseas comhairliúcháin leathain, lenár gcomhpháirtithe Eorpacha agus anseo sa bhaile, a forbraíodh iad.

Beidh Uachtaránacht na hÉireann ar an AE dírithe ar na réimsí ina bhfeiceann daoine an luach is mó i ngníomhaíocht ón AE – gníomhaíocht chun ár gcomhleasanna a chur chun cinn agus gníomhaíocht chun freagairt do riachtanais na saoránach agus na ngnólachtaí ar fud na hEorpa.

Agus ár gcuspóirí á bhforbairt againn, chuaigh an Rialtas i mbun comhairliúcháin chuimsitheacha lenár gcomhpháirtithe ar fud an Aontais, agus thug mé féin cuairt ar fhormhór phríomhchathracha an Aontais chun ár dtosaíochtaí comhroinnte a phlé.

Anseo sa bhaile, bhuail mé leis an earnáil phobail agus oibre deonaí, le ceardchumainn, le hionadaithe gnó agus le páirtithe eile, chun eolas a chur ar na tosaíochtaí atá acusan i leith chlár oibre an Aontais.

Tá a fhios agam go raibh Airí eile i mbun plé den chineál céanna maidir le beartais ina réimsí freagrachta féin.

Ba mhór an pléisiúr dom é go háirithe páirt a ghlacadh i gcuairteanna pobail a bhí dírithe ar ár nUachtaránacht ar an AE, agus éisteacht le guthanna bhaill an phobail, faoin méid is mian leo a bhaint amach ón 1 Iúil ar aghaidh.

Sheolamar glao oscailte freisin ar aighneachtaí poiblí maidir le forbairt ár dtosaíochtaí i leith Uachtaránacht an AE i mí na Samhna seo caite, agus fuaireamar 484 fhreagra san iomlán ó dhaoine aonair agus ó ghrúpaí fud fad na hÉireann, agus níos faide i gcéin.

Ba mhaith liom buíochas a ghabháil leo siúd ar fad a ghlac an t-am cur leis an bpróiseas seo, cibé acu an ag glacadh páirte i gcruinnithe le páirtithe leasmhara nó ag ullmhú aighneachta i scríbhinn a bhí siad.

Tá an Uachtaránacht seo thar a bheith tábhachtach mar is í an chéad Uachtaránacht Éireannach í ó rinneadh teanga oibre lánfheidhmiúil san Aontas den Ghaeilge i mí Eanáir 2022.

Cloch mhíle shuntasach is ea í i rannpháirtíocht teanga agus chultúrtha na hÉireann leis an AE, agus cuireann sí deis ar fáil nach raibh a leithéid ann riamh cheana chun ról na Gaeilge i ngnóthaí an AE a léiriú.

Le linn na hUachtaránachta, beimid ag comhtháthú na Gaeilge i ngnóthaí na Comhairle, agus ag úsáid na teanga le haghaidh cumarsáid oifigiúil agus imeachtaí cultúrtha, ag tacú le húsáid na Gaeilge ar chomhchéim le teangacha oibre eile an AE.

Tugann ár nUachtaránacht ar an AE deis den scoth d'Éirinn freisin ár gcultúr a roinnt lenár gcomh-Eorpaigh agus le daoine níos faide i gcéin, agus muid ag baint leas as dinimiceas, úrnuacht agus tionchar domhanda na n-ealaíon comhaimseartha Éireannach.

Níos déanaí an mhí seo, seolfar Clár Cultúir Uachtaránacht na hÉireann ar an AE. Ina theannta sin, seolfaidh mo Roinnsa clár um chaidreamh cultúrtha faoina gcuirfidh ár nAmbasáidí agus ár gConsalachtaí imeachtaí i láthair ar fud na mór-roinne agus lasmuigh den Eoraip. Ar an gcaoi sin, déanfar infheistíocht i gcomhpháirtíochtaí nua agus i gcomhshaothair chruthaitheacha.

Agus Éire ar tí dul i gceann Uachtaránacht an AE, is maith is eol dúinn go bhfuil freagracht nach beag ag baint léi, agus is é an uaillmhian atá againn ná go n-éireoidh linn obair ar fónamh a dhéanamh lena linn.

Tá an bhunobair déanta againn, tuigimid an méid atáthar a iarraidh orainn a dhéanamh agus an tráth a bheidh sé le déanamh.

Agus táimid tiomanta cúram ceart a dhéanamh den mhéid sin – ar mhaithe leis an Eoraip agus ar mhaithe lenár muintir féin.

Mar i ndeireadh na dála, nuair a bhímid ag labhairt faoin “Aontas Eorpach”,

ná déanaimis dearmad gur ag labhairt faoi rud ar linne é – mar shaoránaigh – a bhímid. Is muidne an Eoraip, is muidne an tAontas Eorpach.

Go raibh maith agaibh.