A ndúirt an Tánaiste agus an tAire Airgeadais, Simon Harris, TD

Aitheasc
Taoiseach, Micheál Martin TD, Tánaiste, Simon Harris TD, Minister Helen McEntee TD, Minister Seán Canney TD and Minister Thomas Byrne TD stand at podiums.

Is í an oráid mar a tugadh í agus í sin amháin atá barántúil

Tráthnóna maith daoibh go léir agus fáilte romhaibh go Caisleán Bhaile Átha Cliath – mar a mbeidh Uachtaránacht na hÉireann ar an AE á reáchtáil as seo go ceann sé mhí.

Agus gan ach 21 lá ann go rachaidh Éire i gceann na hUachtaránachta ar an gComhairle den ochtú huair, tá ár dtosaíochtaí – nó ár gclár beartais – do na sé mhí amach romhainn á seoladh go hoifigiúil againn.

Dá bharr sin, beidh sé de phribhléid ag Éirinn, agus beidh deis nach beag aici, clár oibre straitéiseach an AE don chuid eile de 2026 a mhúnlú.

Sna tosaíochtaí atá á leagan amach inniu againn i leith Uachtaránacht na hÉireann, dírítear ar an iomaíochas, ar luachanna agus ar an tslándáil.

Is léiriú iad sin ar na príomhréimsí a gcaithfidh an tAontas díriú orthu, dar linn, agus obair ar bun aige agus iarrachtaí á ndéanamh aige.

Rachaimid in áit ár gcomhghleacaithe sa Chipir i gceann na hUachtaránachta tráth atá breis éiginnteachta agus guagachta ann maidir lena bhfuil i ndán don domhan cláir.

Ina dhiaidh sin féin, agus an tréimhse seo ar tí a tosaithe, tá neart nach beag san Eoraip agus in Éirinn.

Tá cuideachtaí den chéad scoth, lucht saothair ardoilte ar a bhfuil oideachas an-mhaith, agus traidisiún láidir taighde agus nuálaíochta, mar bhonn agus mar thaca ag an ngeilleagar seo againne.

I mo cháil mar Aire Airgeadais, déanfaidh mé cathaoirleacht ar chruinnithe Airí Airgeadais an AE sa Chomhairle Gnóthaí Eacnamaíocha agus Airgeadais, mar a ndéanfaidh Uachtaránacht na hÉireann clár oibre an-uaillmhianach, ina dtugtar tús áite don iomaíochas, don athléimneacht agus don inbhuanaitheacht fhioscach, a leagan amach.

Is é an dúshlán atá ann don Eoraip féachaint chuige go leanfar de rathúnas agus deiseanna a chothú inár ngeilleagar chun leasa ár muintire.

Ní bheidh rath ar an Eoraip mar gheall ar an rachmas a chruthóimid inti ach mar gheall ar na deiseanna a chruthóimid inti dár saoránaigh.

Is léir cad é a chaithfimid a dhéanamh.

Inniu, tá an treochlár atá againn d’fhonn an méid sin a chur i gcrích á leagan amach agam.

Is ar an méid sin a chur i gcrích, agus air sin amháin, a bheimid ag díriú.

Sin é an fáth a mbeidh mé ag díriú go príomha, sna míonna amach romhainn, ar dhul chun cinn a dhéanamh i leith an Aontais Coigiltis agus Infheistíochta (SIU) agus ar bhailchríoch a chur ar sheasamh na Comhairle ar an bPacáiste um an gComhtháthú Margaidh agus Maoirseacht (MISP).

Ba cheart go rachadh forás agus rath ár gcuideachtaí Eorpacha chun sochair do mhuintir uile na hEorpa, óir ní thiocfaidh forás orthu, ná ní bheidh rath orthu, in éagmais mhuintir na hEorpa.

Bíonn tionchar aige sin ar cibé acu a thiocfaidh méadú ar ghnólacht áitiúil, ar cibé acu a thiocfaidh forás ar ghnólacht nuathionscanta, agus ar cibé acu a leanfaidh monarcha de bheith lonnaithe san Eoraip.

Nuair is féidir le gnólachtaí rochtain a fháil ar mhaoiniú, infheistíonn siad, déanann siad athruithe úra agus cruthaíonn siad poist.

Ní mór buiséad nua-aimseartha agus éifeachtach den AE a bheith ina bhunús leis an gclár oibre seo freisin.

Beidh tábhacht nach beag leis an gcéad Chreat Airgeadais Ilbhliantúil eile – buiséad an AE do na chéad seacht mbliana eile – maidir lena chinntiú gur féidir leis an Eoraip a tosaíochtaí comhroinnte a bhaint amach. Ar na tosaíochtaí sin tá an t-iomaíochas, an nuálaíocht, an t-aistriú glas agus an t-aistriú digiteach, mar aon lenár gcomhshlándáil.

I dteannta mo chomhghleacaithe, bunóidh mé creat buiséadach trína bhféadfar freagairt ar na dúshláin úd, tacú leis an infheistíocht phríobháideach agus athchóirithe a dhéanamh d’fhonn acmhainneacht fhadtéarmach na hEorpa chun fáis a neartú.

Le linn Uachtaránacht na hÉireann, oibreofar chun dul chun cinn a dhéanamh i leith an phlé sin ar bhealach cuiditheach agus pragmatach, óir is maith is eol dúinn go mbeimid in ann, ach buiséad den AE a bheith ann a bheidh spriocdhírithe go maith, na mórchuspóirí eacnamaíocha atá againn a bhaint amach.

Lena chois sin, príomhthosaíocht is ea teacht ar chomhaontú ar Bhuiséad Bliantúil an AE don bhliain 2027.

Ag an am céanna, ní mór dúinn leanúint d’athléimneacht airgeadais na hEorpa a neartú.

Céim thábhachtach ina leith sin is ea euro digiteach a fhorbairt.

Is de bhreis ar airgead tirim a bheadh euro digiteach, agus, ach é a bheith ann, dhéanfaí rochtain ar airgead na mBanc Ceannais i ngeilleagar atá ina gheilleagar digiteach mó sa mhó a choimirciú, agus thacófaí le nuálaíocht in íocaíochtaí ar fud an AE.

Thairis sin, d’fhéadfadh sé a chinntiú go leanfadh ár gcórais íocaíochta de bheith ina gcórais shlána, éifeachtúla a bhfuil luachanna Eorpacha ina mbonn leo.

I gcaitheamh Uachtaránacht na hÉireann, cinnteoimid go mbeidh an t-iomaíochas agus an fás ina ndlúthchuid d’obair uile ECOFIN.

I dtaca leis sin de, tabharfar tosaíocht do dhul chun cinn a dhéanamh i leith na dtionscnamh iomaíochais reatha agus i leith na dtionscnamh iomaíochais úra, an clár oibre um shimpliú san áireamh.

Mar chuid de sin, déanfar dul chun cinn i leith na hoibre ar chuir Uachtaránacht na Danmhairge tús léi chun scrúdú a dhéanamh ar iarmhairtí eacnamaíocha reachtaíocht an AE.

Is léir nach bhfuil na trí phríomhthéama atá againn, mar atá an t-iomaíochas, luachanna agus an tslándáil, ina dtosaíochtaí ar leithligh: is téamaí iad atá fite fuaite ina chéile agus a threisíonn a chéile.

Príomhthosaíocht d’Uachtaránacht na hÉireann is ea tacaíocht eacnamaíoch agus airgeadais leanúnach a thabhairt don Úcráin, atógáil fhadtéarmach na hÚcráine tar éis mhór-ionradh neamhdhleathach na Rúise uirthi san áireamh. Is den riachtanas i gcónaí é go leanfaimis d’iarmhairtí eacnamaíocha agus airgeadais an chogaidh a mheas.

Trí oibriú go daingean, diongbháilte, d’fhonn dul chun cinn a dhéanamh i leith a lán gnéithe éagsúla de chlár oibre na Comhairle, is féidir linn a chinntiú go mbainfidh an AE amach an méid a chaithfidh sé a bhaint amach, dar lenár saoránaigh, lenár ngnólachtaí agus lenár bpobail, agus go mbeidh an tAontas seo againne in ann dul i ngleic le dúshláin an ama atá le teacht.

An Clár Beartais mionsonraithe atá os ár gcomhair amach, meabhraíonn sé go follasach dúinn go mbeidh mórchuid oibre le déanamh againn sna seachtainí amach romhainn.

Tá an phleanáil bunáite déanta; an clár beartais a chur chun feidhme agus tacaíocht ár gcomhpháirtithe sna 26 Bhallstát eile, sa Choimisiún agus sa Pharlaimint, sin é atá ag teastáil uainn anois.

Tá an Rialtas meáite ar a chinntiú go ndéanfar fíordhul chun cinn le linn ár nUachtaránachta, agus go mbainfear torthaí suntasacha amach lena linn freisin, d’fhonn oidhreacht dhearfach a fhágáil ag an Eoraip agus ag muintir na hÉireann freisin, ar ndóigh.

Téimis i gceann oibre.

Go raibh maith agaibh.

Go raibh míle maith agaibh go léir.