Óráid leis an Taoiseach Micheál Martin, TD

Aitheasc
Taoiseach, Micheál Martin TD, Tánaiste, Simon Harris TD, Minister Helen McEntee TD, Minister Seán Canney TD and Minister Thomas Byrne TD stand at podiums.

Is í an oráid mar a tugadh í agus í sin amháin atá barántúil

Tá fíoráthas orm a bheith anseo i gCaisleán Bhaile Átha Cliath chun an clár tosaíochtaí agus beartais a sheoladh le haghaidh Uachtaránacht na hÉireann ar Chomhairle an Aontais Eorpaigh.

As seo go ceann sé mhí, beidh Éire ag obair i ndlúthchomhar le gach Ballstát den Aontas Eorpach agus muid ag saothrú in éindí chun aghaidh a thabhairt ar na dúshláin atá roimh an Aontas Eorpach agus chun feabhsuithe cearta a bhaint amach do shaol ár saoránach.

I gceann trí seachtaine, an 1 Iúil, rachaidh Éire i gceann Uachtaránacht Chomhairle an Aontais Eorpaigh den ochtú huair.

Is mór an onóir agus an phribhléid dom an obair seo a stiúradh thar ceann 450 milliún duine a mhaireann san Aontas Eorpach.

I dtír seo na hÉireann, táimid an-mhórálach as an méid a rinneadh, le linn Uachtaránachtaí roimhe seo na hÉireann, d’fhonn clocha míle suntasacha a bhaint amach san AE.

Leagtar amach inár gClár Rialtais go bhfuilimid tiomanta féachaint chuige go mbeidh rath ar ár nUachtaránacht.

Is mór an mhortabháil atá ann, ó thaobh forbairt beartas agus pleanáil lóistíochtúil de.

An obair a dhéanfaimid le linn Uachtaránacht na hÉireann, ní obair theibí a bheidh ann, ach obair a bheidh ábhartha go díreach do shaol daoine agus a mbeidh tairbhí follasacha ag roinnt leis.

Chun go mbeidh rath ar an Uachtaránacht, ní foláir iarrachtaí uile-Rialtais a dhéanamh d’fhonn gur féidir linn beart a dhéanamh de réir ár mbriathair thar ceann na saoránach ar fud an Aontais Eorpaigh.

Táimid ag dul i gceann an róil seo tráth atá nithe tábhachtacha ag titim amach san Eoraip.

An comhthéacs geopholaitiúil atá ann, is comhthéacs casta, dúshlánach é, agus tá brú ar an ord idirnáisiúnta atá bunaithe ar rialacha.

Tá léirscrios agus leatrom á ndéanamh mar gheall ar an gcogadh san Úcráin agus ar an gcogadh sa Mheánoirthear.

I ngach cearn den Eoraip, tá costais fuinnimh an-ard ar theaghlaigh agus ar ghnólachtaí.

Na tosaíochtaí atá againn le haghaidh ár dtéarma oifige, is léiriú iad ar an méid a chaithfidh an Eoraip a dhéanamh, dar linn, sna sé mhí amach romhainn.

Tabharfaimid tús áite don obair is gá a dhéanamh d’fhonn iomaíochas ár ngeilleagair a fheabhsú, d’fhonn luachanna bunúsacha ár nAontais a choimirciú abhus is i gcéin, agus d’fhonn riar ar shlándáil ár saoránach.

Na trí phríomhthéama úd – an t-iomaíochas, luachanna, agus an tslándáil – tá dlúthnasc eatarthu agus treisíonn siad a chéile.

A bhuí leis an rathúnas eacnamaíoch, is féidir linn ár n-uaillmhianta beartais a bhaint amach. Is gá dul i mbun gnímh le dithneas d’fhonn iomaíochas agus táirgiúlacht na hEorpa a fheabhsú.

An geilleagar a bheidh ann amach anseo, ní foláir dúinn a chinntiú gur geilleagar a bheidh ann ina bhfreastalófar ar riachtanais agus ionchais shaoránaigh na hEorpa.

Sa treochlár seo – ar tháinig na trí institiúid ar chomhaontú air i mí Aibreáin – leagtar amach na gníomhaíochtaí tosaíochta a dhéanfaimid chun an reachtaíocht a shimpliú, chun ár margadh inmheánach a dhoimhniú, chun praghsanna fuinnimh a laghdú agus dícharbónú a dhéanamh, agus chun dul chun cinn a dhéanamh i leith chlaochlú IS agus i leith an chlaochlaithe dhigitigh chun leasa cách uile.

Fíorthosaíocht ag Uachtaránacht na hÉireann is ea an clár oibre úd a chur i gcrích.

Beimid ag obair i ndlúthchomhar leis na Ballstáit, le Parlaimint na hEorpa agus leis an gCoimisiún chun an méid dul chun cinn is féidir a dhéanamh.

Tráth atá na bagairtí agus na coimhlintí ag dul i méid, caithfimid oibriú níos crua d’fhonn ár saoránaigh, ár ndóigh bheatha agus ár slí bheatha Eorpach a chosaint.

Déanfaimid na bunluachanna atá ina mbunús leis an Aontas Eorpach, i.e. an tsaoirse, an daonlathas, an comhionannas, an smacht reachta, urraim do chearta an duine, agus an dínit, a choimirciú.

Ina theannta sin, oibreoimid i gcomhar leis na Ballstáit eile chun a chinntiú go mbeadh leanaí na hEorpa slán agus iad ar líne.

Leanfaimid de bheith ag tacú go huile is go hiomlán leis an Úcráin, atá á cosaint go misniúil is go cróga ag muintir na tíre. Tá síocháin chóir, bhuan, tuillte acu sin.

Leanfaimid de bheith ag tacú leis na tíortha sin ar mian leo dul isteach san Aontas Eorpach agus dul chun cinn a dhéanamh i leith ballraíocht a ghlacadh ann, agus, ar an gcaoi sin, cabhróimid a chinntiú go mbeidh breis rathúnais agus cobhsaíochta inár gcomharsanacht.

Tabharfaimid bearta chun cinn lena rannchuideofar le slándáil agus cosaint na hEorpa a neartú, agus, ar an gcaoi sin, tacóimid leis an gcomhar i leith aghaidh a thabhairt ar bhearnaí cumais criticiúla agus i leith athléimneacht a chothú.

Ina cheann sin, déanfaimid iarracht ar bhonn daingean a chur faoin obair a dhéanfaidh an tAontas amach anseo, trí chéad bhuiséad fadtéarmach eile an AE, ar a dtugtar an Creat Airgeadais Ilbhliantúil freisin, a chaibidliú.

Chun tacú lenár gclár oibre beartais, déanfaimid clár fairsing cruinnithe Uachtaránachta a reáchtáil. Déanfaimid tuairim is 270 cruinniú a nglacfaidh Airí agus oifigigh páirt iontu a reáchtáil ar fud na hÉireann.

Ag tús ár dtéarma, beidh imeacht speisialta ar siúl i gCaisleán Bhaile Átha Cliath an 1 Iúil, agus tabharfaidh Coláiste na gCoimisinéirí cuairt ar Chorcaigh, ar lena linn a dhéanfaidh an Rialtas ár dtosaíochtaí beartais, agus na pleananna atá againn lena gcur i gcrích, a phlé go grinn.

Táim ag súil freisin le fáilte a chur roimh mo chomhghleacaithe ó gach cearn den Eoraip chuig cruinniú mullaigh an Chomhphobail Pholaitiúil Eorpaigh agus chuig an gcruinniú neamhfhoirmiúil den Chomhairle Eorpach i mBaile Átha Cliath i mí na Samhna.

Sna cruinnithe is na himeachtaí go léir a bheidh ar siúl ar fud na tíre, tabharfar léargas dár gcomhpháirtithe Eorpacha ar na gnéithe is suaithinsí de chultúr na hÉireann.

I saol an lae inniu, ní féidir le tíortha aonair aghaidh a thabhairt ar na dúshláin is mó ina n-aonar.

Sin é an fáth a mbeidh Uachtaránacht na hÉireann á treorú ag an seanfhocal Éireannach ‘ní neart go cur le chéile’.

Is uaillmhianach an clár beartais atá againn don chuid eile den bhliain.

Ach tá dóigh agam go dtacóidh na Ballstáit eile linn, agus go n-oibreoidh siad i gcomhar linn, chun gur féidir linn aghaidh a thabhairt ar na saincheisteanna ar cás lenár bpobail, lenár saoránaigh agus lenár ngnólachtaí ar fud na hEorpa.

Go raibh míle maith agaibh.