Fáilte ón Aire Stáit um Ghnóthaí Eorpacha, Thomas Byrne TD

Airteagal

I gcaitheamh ochtú Uachtaránacht na hÉireann ar Chomhairle an Aontais Eorpaigh, beidh deis ar dhul chun cinn fónta a dhéanamh ar fud na hEorpa trí bhíthin comhpháirtíochtaí, uaillmhéine agus gníomhaíochta.

Dar leis an Taoiseach, déanfaimid beart de réir ár mbriathair le linn Uachtaránacht na hÉireann ar an AE. Sna réimsí uile d’obair na Comhairle, déanfaimid iarracht ar iomaíochas na hEorpa a neartú, ar na luachanna atá mar bhonn faoin Aontas seo againne a choimirciú, agus ar thacú le slándáil agus athléimneacht ár saoránach. Tá dlúthnasc idir na tosaíochtaí úd agus treisíonn siad a chéile, agus creidim go láidir go mbeimid in ann, le linn Uachtaránacht na hÉireann ar an AE, leasanna an Aontais Eorpaigh a chur chun cinn, sna príomhréimsí sin.

Tá clár cuimsitheach d’imeachtaí i dtaobh Uachtaránacht na hÉireann ar an AE curtha i dtoll a chéile againn agus is in áiteanna éagsúla ar fud na hÉireann a reáchtálfar na himeachtaí úd. Is léiriú é sin ar an mbéim láidir atá á cur againn ar a chinntiú go mbeidh ceangal idir pobail ar fud na tíre agus Uachtaránacht na hÉireann ar an AE, agus go mbeidh caoi ag ár gcomhpháirtithe Eorpacha ar scoth eolais a chur ar chultúr suaithinseach na hÉireann.

Fágfaidh an pobal lorg ar an gcur chuige a ghlacfaimid i rith Uachtaránacht na hÉireann ar an AE. Agus sinn ag ullmhú i gcomhair na hUachtaránachta, leag mé béim láidir ar theagmháil a dhéanamh le pobail, le daoine óga, le scoileanna agus le páirtithe leasmhara ar fud na tíre, d’fhonn iad a spreagadh le dul i mbun plé ar an Eoraip agus ar ról na hÉireann laistigh di. Na smaointe agus na tuairimí a cuireadh in iúl i gcaitheamh an phlé úd, is amhlaidh a chuidigh siad le hUachtaránacht na hÉireann ar an AE a mhúnlú i slí is gur Uachtaránacht í atá forásach, a bhfuil na saoránaigh ina croílár agus a bhfuil ábhair imní agus uaillmhianta daoine ó gach cearn d’Éirinn ina mbunús léi.

De thoradh thionscnamh sin Uachtaránacht na hÉireann ar an AE trína ndéanfar gach contae sa Stát a cheangal le Ballstát ar leith den AE, is é rud a thiocfaidh Ambasadóirí sin na hÉireann san AE agus Ambasadóirí sin Bhallstáit an AE in Éirinn le chéile chun cuairt a thabhairt ar phobail agus chun plé a dhéanamh, i dteannta an phobail, ar cheisteanna a bhaineann leis an Aontas Eorpach. Táim ag tnúth le dul i mbun breis tionscnaimh teagmhála, ar fud na tíre, le linn an téarma a bheidh Uachtaránacht an AE againn.

Beidh tábhacht le hUachtaránacht na hÉireann ar an AE, 2026, ó thaobh na Gaeilge de freisin. Siod é an chéad uair a rachaidh Éire i gceann na hUachtaránachta ar an AE ó rinneadh teanga oibre oifigiúil de chuid an Aontais Eorpaigh den Ghaeilge in 2022, agus is údar bróid dúinn go mbeidh caoi againn ar úsáid na Gaeilge a chur chun cinn ó thús deireadh chlár Uachtaránacht an AE – rud atá ina léiriú ar a shaibhre atá oidhreacht chultúrtha na hÉireann agus ar bhreis lé a bheith ag daoine leis an teanga.

Ní haon dóithín Uachtaránacht na hÉireann ar an AE mar chúram, agus táimid meáite ar an gclár uaillmhianach atá againn i leith na Comhairle a chur chun cinn, mar chuid d’obair an Rialtais.

Is cúis bhróid dúinn go raibh éifeacht le hUachtaranachtaí na hÉireann ar an AE san am a chuaigh thart, agus go raibh rath orthu, agus beimid ag obair i ndlúthchomhar leis na Ballstáit agus le hinstitiúidí an AE, chun dul chun cinn fónta a dhéanamh chun leasa na saoránach ar fud na hEorpa. Tá dóigh agam go rachaidh Éire i mbun oibre, ar bhealach cuiditheach agus éifeachtach, le linn Uachtaránacht an AE, chun leasa na hEorpa agus chun leasa ár muintire.

Agus sinn ag ullmhú leis an bhfreagracht seo a ghabháil orainn féin an athuair, is é an mana úd, i.e. ‘ní neart go cur le chéile’, a bheidh dár dtreorú, óir dá mhéad a bheimid a obair le chéile is ea is láidre a bheidh an Eoraip.