Foilsíonn an Rialtas an Clár Beartais um Uachtaránacht na hÉireann ar Chomhairle an Aontais Eorpaigh

Preaseisiúint
Presidency launch press conference

Clár oibre uaillmhianach le haghaidh Uachtaránacht na hÉireann ar Chomhairle an Aontais Eorpaigh leagtha amach ag Éirinn

Rinne an Taoiseach Micheál Martin, an Tánaiste Simon Harris, an tAire Helen McEntee, an tAire Thomas Byrne agus an tAire Seán Canney an Clár Beartais um Uachtaránacht na hÉireann ar Chomhairle an Aontais Eorpaigh, a gcuirfear tús léi go luath, a fhoilsiú. Beidh Uachtaránacht an Aontais Eorpaigh ag Éirinn ón 1 Iúil go dtí an 31 Nollaig 2026.

A ndúirt an Taoiseach: “I gceann trí seachtaine, an 1 Iúil, rachaidh Éire i gceann na hUachtaránachta ar Chomhairle an Aontais Eorpaigh den ochtú huair. Inniu, tá clár oibre uaillmhianach á leagan amach againn i leith ár nUachtaránachta, ina ndírítear ar an iomaíochas, ar luachanna, agus ar an tslándáil, ar príomhthéamaí iad go léir. Mar chuid den Uachtaránacht, oibreoidh Éire i ndlúthchomhar lena comhpháirtithe Eorpacha d’fhonn aghaidh a thabhairt ar na dúshláin atá le sárú ag an Aontas san am i láthair agus chun tacú le torthaí praiticiúla a rachadh chun sochair do dhaoine, do ghnólachtaí agus do phobail ar fud na hÉireann agus ar fud na hEorpa.”

A ndúirt an Tánaiste: “Le linn théarma sé mhí na hUachtaránachta, déanfaidh Airí Éireannacha cathaoirleacht ar chruinnithe den Chomhairle agus cabhróidh siad clár oibre reachtach agus beartais an AE a chur chun cinn. Ní foláir buiséad nuaaimseartha agus éifeachtach den AE a bheith ina bhunús leis an gclár oibre úd. I gcaitheamh Uachtaránacht na hÉireann, oibreofar chun dul chun cinn a dhéanamh, ar bhealach cuiditheach agus pragmatach, i leith an phlé ar an mbuiséad chun tacú leis na mórchuspóirí eacnamaíocha atá againn.”

A ndúirt an tAire McEntee: “Rachaidh Éire i gceann na hUachtaránachta tráth atá nithe tábhachtacha ag titim amach san Eoraip, agus is léir, mar gheall ar a mhó atá ár n-uaillmhian, go bhfuil dúshláin nach beag le sárú ag an Eoraip san am i láthair. Le linn ár nUachtaránachta, cuirfimid béim ar a thábhachtaí atá ról domhanda an AE, ar thacaíocht an AE don iltaobhachas, agus ar an obair arna déanamh ag an AE chun cearta an duine, an daonlathas, agus an smacht reachta, a chur chun cinn. Is uaillmhianach an clár oibre trádála a bheidh againn freisin, agus beimid ag obair chun ár gcaidreamh trádála a neartú agus ár margaí a éagsúlú, rud a bheidh bunriachtanach chun treisiú le hiomaíochas agus rathúnas na hEorpa.”

A ndúirt an tAire Byrne: “Is infheistíocht sa tsíocháin, slándáil, cobhsaíocht agus rathúnas ar fud na hEorpa é méadú an AE. Creidim gur féidir lenár gcomh-Eorpaigh i dtíortha is iarrthóirí ar bhallraíocht san AE tairbhe a bhaint as na buntáistí a bhaineann le saoránacht den AE. Neartófar ár nAontas leis an rannchuidiú a thugann Ballstáit nua leis. Le linn ár nUachtaránachta, oibreoimid chun an chaibidlíocht aontachais le Montainéagró a thabhairt chun críche agus féachfaimid le dul chun cinn suntasach a dhéanamh san idirbheartaíocht leis an Albáin, leis an Moldóiv agus leis an Úcráin."

A ndúirt an tAire Canney: “Reáchtálfar 22 chruinniú Aireachta neamhfhoirmiúla in Éirinn, in éineacht le cruinniú mullaigh den Chomhphobal Polaitiúil Eorpach agus cruinniú neamhfhoirmiúil den Chomhairle Eorpach. Tugann na cruinnithe deis an chuid is fearr d'Éirinn a thaispeáint dár gcomhpháirtithe Eorpacha. Cinnteoidh Uachtaránacht na hÉireann ar an AE go mbeidh na cruinnithe a thionólfar anseo bisiúil ar mhaithe le torthaí dearfacha a bhaint amach don Eoraip agus dá muintir."

Seoladh suíomh gréasáin, lógó, mana agus brandáil na hUachtaránachta inniu freisin. Is féidir féachaint ar fhéilire imeachtaí uile na hUachtaránachta ag www.Éire2026.eu.

CRÍOCH

Foireann Preasa na hUachtaránachta

10 Meitheamh 2026