Ráiteas ón Aire Stáit um Iompar Idirnáisiúnta agus Bóthair, Lóistíocht, Iarnród agus Calafoirt, Seán Canney TD
Is í an oráid mar a tugadh í agus í sin amháin atá barántúil
Beidh sé mar chuspóir lárnach againn go léir ó Roinn Rialtais go chéile Uachtaránacht rathúil éifeachtach a thabhairt chun críche sna sé mhí amach romhainn.
Déanfaimid na príomhthéamaí atá againn, mar atá iomaíochas, luachanna agus slándáil, a thabhairt ar aghaidh trí dhul chun cinn a spreagadh maidir le raon leathan tograí agus tionscnamh ar fud chlár oibre beartais an AE.
I ndomhan atá thar a bheith míshocair, oibreoimid mar Uachtaránacht chun a áirithiú go bhfreagróidh an Chomhairle go héifeachtach do riachtanais na 27 mBallstát uile, agus do riachtanais ár saoránach ar fud na hEorpa, sna sé mhí amach romhainn.
Is ar an gComhairle Iompair a bheidh mo chuid oibre féin dírithe le linn na hUachtaránachta, áit a mbeimid ag cur roinnt príomhchuspóirí chun cinn.
Is mian linn a chinntiú go bhféadfaidh an iompar a bheith ina chúis le borradh a chur faoi iomaíochas an Aontais.
Díreoimid ar dhícharbónú agus ar an aistriú glas cóir a bhaint amach, rud atá ríthábhachtach chun spriocanna dícharbónaithe an Aontais a bhaint amach.
Cinnteoimid go rachaidh an beartas iompair chun sochair do shaoránaigh ar fud an Aontais, agus béim láidir á leagan ar chearta paisinéirí agus ar an digiteáil.
Oibreoimid chun gréasán iompair Eorpach athléimneach a thógáil a bheidh slán sábháilte do gach úsáideoir iompair.
Cuirfimid béim freisin ar shábháilteacht ar bhóithre, rud nach mór a bheith ina phríomhthosaíocht ag an Aontas i gcónaí.
Táimid ag tnúth le fáilte a chur roimh Airí Iompair an AE nuair a thiocfaidh siad go hÉirinn le haghaidh cruinniú neamhfhoirmiúil den Chomhairle Iompair i mí Mheán Fómhair.
Is ceann amháin é sin as measc 22 chruinniú Aireachta neamhfhoirmiúla a bheidh á reáchtáil againn anseo le linn ár dtéarma Uachtaránachta. Faoin gclár foriomlán, beidh níos mó ná 270 cruinniú agus imeacht Uachtaránachta ar siúl in Éirinn agus tá coinne againn go mbeidh níos mó ná 30,000 toscaire páirteach iontu.
Mar léiriú ar an ngealltanas a thugamar i gClár an Rialtais, tionólfar na cruinnithe sin i gcathracha agus i gcontaetha fud fad na hÉireann. Ar an gcaoi sin, cinnteofar go mbainfidh an tír iomlán tairbhe as an ardphróifíl a bhaineann leis an Uachtaránacht.
Beidh gá le hiarracht náisiúnta mhór chun gach gné dár ról Uachtaránachta a chur i gcrích go rathúil.
Ach tá a fhios againn gur maith atáimid ullmhaithe lena aghaidh sin.
Tá a fhios againn gur féidir linn brath ar thacaíocht agus ar chomhar ár gcomhpháirtithe Eorpacha.
I réimsí an iomaíochais, na luachanna agus na slándála – arb iad ár bpríomhthosaíochtaí iad – tá a fhios againn gur féidir linn cur le múnlú thodhchaí an Aontais ar bhealach nithiúil tábhachtach sna sé mhí amach romhainn. Is Aontas é a bhfuil an oiread sin bainte amach aige d’Éirinn le linn na 53 bliana dár mballraíocht.
Nuacht gaolmhar
-
A ndúirt an tAire Helen McEntee ag Seoladh Preasa Thosaíochtaí agus Clár Beartais Uachtaránacht na hÉireann
11 Meitheamh 2026 Aitheasc
-
Ráiteas ón Aire Stáit um Ghnóthaí Eorpacha agus Cosaint, Thomas Byrne TD
11 Meitheamh 2026 Aitheasc
-
A ndúirt an Tánaiste agus an tAire Airgeadais, Simon Harris, TD
11 Meitheamh 2026 Aitheasc