Teachtaireacht fáilte ón Taoiseach, Micheál Martin

Airteagal
Micheál Martin

Féach ar an teachtaireacht fáilte ón Taoiseach Micheál Martin thíos

Chun an t-ábhar seo ó Youtube a léamh, iarrtar ort ár mbeartas príobháideachais agus an t-eolas faoin úsáid fianán a léamh, agus glacadh leis

Is pribhléid agus onóir mhór í d’Éirinn, Uachtaránacht an Aontais Eorpaigh a ghlacadh den ochtú huair i mbliana.

Beimid i mbun na hUachtaránachta seo ag tréimhse thar a bheith tábhachtach don Aontas Eorpach le níos mó éiginnteachta agus dothuarthachta ar fud an domhain.

Táimid tiomanta don Uachtaránacht seo agus aidhm láidir againn obair dhian leanúnach a dhéanamh ar son an Aontais Eorpaigh agus saoránaigh na hEorpa. Beimid ag gníomhú ar ár ndícheall chun a dheimhniú go mbeidh an Eoraip níos rathúla agus níos sábháilte. Cuirfimid béim ar ár luachanna aontaithe bunúsacha a chaomhnú agus a chur chun cinn.

Is é an rath agus fás geilleagrach a thugann deis don Aontas Eorpach a spriocanna polaitiúla a bhaint amach.

Chun fanacht rathúil, caithfear feabhas a chur ar ár gcumas a bheith iomaíoch, go háirithe ar leibhéal domhanda.

Tá an bhliain 2026 aitheanta i gceart ag an Uachtarán Costa mar Bhliain Eorpach na hIomaíochta.

Le linn ár dtéarma, déanfaimid obair chun an plean gnímh, Eoraip Amháin, Margadh Amháin a chur i gcrích, plean a leagann amach na céimeanna tábhachtacha ar chóir don Aontas Eorpach a thógáil i réimsí éagsúla ar nós:

  • Rialacháin do ghnóthaí agus do shaoránaigh a dhéanamh níos simplí

  • An margadh aonair a láidriú

  • Trádáil chothrom agus oscailte a chur chun tosaigh

  • Costais fuinnimh a laghdú agus ár ngeilleagar a dhícharbónú

  • Intleacht Shaorga agus claochlú digiteach a chur chun cinn ar mhaithe le cách.

Seo iad na tosaíochtaí d’Uachtaránacht na hÉireann ar an Aontas Eorpach agus beimid ag obair go dlúth leis na Ballstáit, le Parlaimint na hEorpa agus leis an gCoimisiún chun an méid dul chun cinn is féidir a dhéanamh a bhaint amach le linn ár dtéarma.

Beimid ag comhoibriú le baill agus grúpaí eile ar fud na hEorpa chun a chinntiú go mbeidh páistí na hEorpa slán sábháilte ar líne.

Mairimid i ré ina bhfuil níos mó bagairtí agus coimhlintí. Caithfidh an tAontas Eorpach níos mó oibre a dhéanamh chun tacú agus cosaint a thabhairt dár saoránaigh, dár ndaonlathais agus do nósanna maireachtála na hEorpa.

Leanfaimid orainn ag tabhairt tacaíochta láidir aontaithe gníomhach don Úcráin, a bhfuil crógacht agus díograis den scoth léirithe ag pobal na tíre sin agus iad ag cosaint na hÚcráine. Tá síocháin chóir, bhuan agus fhadtéarmach tuillte acu.

Tabharfaimid tacaíocht do thíortha ar mhaith leo ballraíocht a bhaint amach san Aontas Eorpach agus cabhróidh sin le níos mó rathúnais agus seasmhachta a chur chun cinn ar fud na hEorpa.

Tabharfaimid cosaint do na bunluachanna is tábhachtaí ar a bhfuil an tAontas Eorpach tógtha saoirse, daonlathas, an dlí riailbhunaithe agus meas ar chearta daonna agus ar dhínit an duine.

Agus beimid ag obair ag deimhniú go ndéanfaidh an tAontas Eorpach gníomh fónta chun síocháin dhomhanda agus slándáil a chosaint go háirithe sa Mheán Oirthear.

Chun Uachtaránacht rathúil agus tairbheach a bhaint amach beimid ag brath ar chomhoibriú gníomhach maith ó na Ballstáit agus ó institiúidí uilig an Aontais chun dul chun cinn, spriocanna, pleananna agus obair a chur i gcrích.

Mar deir an seanfhocal Éireannach, ní neart go cur le chéile.

Ag obair le chéile, is féidir linn cabhrú leis an gceithre chéad milliún duine a bhfuil an tAontas Eorpach mar áit chónaithe acu.

Ar aghaidh leis an obair agus an Uachtaránacht seo ar son an Aontais Eorpaigh. Go raibh míle maith agaibh.