Fáilte ón Aire Gnóthaí Eachtracha agus Trádála, Helen McEntee TD
Rachaidh Éire i gceann Uachtaránacht Chomhairle an Aontais Eorpaigh den ochtú huair ón 1 Iúil go dtí an 31 Nollaig 2026. Glacaimid leis an bhfreagracht sin ag tráth suntasach don Eoraip agus don phobal idirnáisiúnta i gcoitinne.
Tá daoine ag tabhairt aghaidh ar éiginnteacht eacnamaíoch, éagobhsaíocht gheopholaitiúil agus ar na héifeachtaí a bhaineann le hathrú tapa domhanda ar fud ár mór-roinne. Is treise an tAontas Eorpach nuair a oibrímid i gcomhar lena chéile ag tráth mar seo agus muid ag freagairt go diongbháilte le dlúthpháirtíocht agus le muinín againn as ár dtodhchaí chomhroinnte.
Beidh Uachtaránacht na hÉireann á treorú ag tiomantas soiléir do sheachadadh, do chomhar agus do na luachanna atá mar bhonn agus taca ag ár nAontas. Léiríonn an prionsabal “ní neart go cur le chéile” spiorad an tionscadail Eorpaigh agus an cur chuige a bheidh ag Éirinn don Uachtaránacht.
Tá an Eoraip in ann a saoránaigh a chosaint, tacú le rathúnas inbhuanaithe agus seasamh leis na luachanna daonlathacha a léiríonn cé muid féin nuair a oibrímid i gcomhar lena chéile, sa bhaile agus i lár an aonaigh dhomhanda araon.
Ullmhúchán ar bhonn náisiúnta ba ea é ullmhúchán don Uachtaránacht go fírinneach. D'oibríomar i ndlúthchomhar leis na Ballstáit, le hinstitiúidí AE agus le páirtithe leasmhara ar fud na sochaí chun clár beartais uaillmhianach, forásach a mhúnlú. Rud atá chomh tábhachtach céanna, d'éisteamar le daoine ar fud na hÉireann. Chualamar go díreach faoi na saincheisteanna is tábhachtaí trí chomhairliúcháin, for-rochtain phobail agus teagmháil le daoine óga. Leis na comhráite sin, treisíodh an tábhacht a bhaineann leis an Aontas Eorpach a thugann buntáistí praiticiúla do ghnáthshaol laethúil daoine agus atá fós fréamhaithe sa dlúthpháirtíocht, sa daonlathas agus i ndeiseanna.
Tá ár gclár beartais bunaithe ar thrí thosaíocht atá nasctha go dlúth lena chéile: iomaíochas, luachanna agus slándáil. Léiríonn na tosaíochtaí seo in éineacht lena chéile an gá leis an Eoraip atá láidir ó thaobh an gheilleagair de, atá aontaithe ar bhonn sóisialta agus atá réidh chun dul i ngleic le domhan atá níos éiginnte ná riamh. Le linn ár nUachtaránachta, feidhmeoidh Éire mar idirghabhálaí neamhspleách, ag obair ar bhealach dearfach le comhpháirtithe chun clár oibre na Comhairle a chur chun cinn agus tacú le dul chun cinn ar phríomhthionscnaimh reachtacha agus bheartais.
Sna míonna amach romhainn, reáchtálfar níos mó ná 270 imeacht oifigiúil in Éirinn a bhaineann leis an Uachtaránacht, ina measc sin 22 Chruinniú Aireachta Neamhfhoirmiúla in áiteanna ar fud na tíre. Cuirfidh na himeachtaí seo deiseanna luachmhara ar fáil ó thaobh idirphlé, comhair agus malartú smaointe. Ina theannta sin, tabharfaidh siad deis dúinn cultúr, pobail agus tiomantas seanbhunaithe na hÉireann don chomhpháirtíocht Eorpach a thaispeáint.
Reáchtálfar cruinniú mullaigh den Chomhphobal Polaitiúil Eorpach in Éirinn, an ócáid is mó dá leithéid a reáchtáladh riamh sa tír, in éineacht le cruinniú neamhfhoirmiúil den Chomhairle Eorpach. Sa Bhruiséil, i Lucsamburg agus in Strasbourg, oibreoimid i ndlúthchomhar leis na Ballstáit, leis an gCoimisiún Eorpach agus le Parlaimint na hEorpa chun tionscnaimh a chur chun cinn lena neartófar athléimneacht, iomaíochas agus rannpháirtíocht na hEorpa leis an domhan mór.
Chreid Éire i luach an chomhair idirnáisiúnta agus san Aontas Eorpach mar fhórsa ar son na síochána, an rathúnais agus an dul chun cinn riamh anall. Agus muid ag ullmhú chun an Uachtaránacht a ghlacadh orainn féin arís eile, déanaimid amhlaidh le huaillmhian do thodhchaí na hEorpa agus le muinín as an méid is féidir a bhaint amach nuair a oibríonn tíortha le chéile i dtreo comhchuspóra. Táimid ag tnúth le bheith ag obair lenár gcomhpháirtithe Eorpacha chun cabhrú todhchaí níos láidre, níos sláine agus níos rathúla a thógáil do chách.
Nuacht gaolmhar
-
A ndúirt an tAire Helen McEntee ag Seoladh Preasa Thosaíochtaí agus Clár Beartais Uachtaránacht na hÉireann
11 Meitheamh 2026 Aitheasc
-
Ráiteas ón Aire Stáit um Ghnóthaí Eorpacha agus Cosaint, Thomas Byrne TD
11 Meitheamh 2026 Aitheasc
-
A ndúirt an Tánaiste agus an tAire Airgeadais, Simon Harris, TD
11 Meitheamh 2026 Aitheasc