Fáilte ón Tánaiste Simon Harris

Airteagal
Simon Harris

Agus Éire ag glacadh Uachtaránacht Chomhairle an Aontais Eorpaigh uirthi féin den ochtú huair, déanaimid sin ag uair chinniúnach dár nAontas agus dár dtodhchaí chomhroinnte.

Ní beag iad na dúshláin atá roimh an Aontas seo againne: éagobhsaíocht gheopholaitiúil atá ag dul i méid, éiginnteacht eacnamaíoch, an t-aistriú aeráide agus an t-aistriú digiteach, agus an gá atá le hiomaíochas, athléimneacht agus slándáil na hEorpa a neartú i ndomhan a bhíonn ag athrú go tapa.

Ag tráthanna mar seo, tá tábhacht níos mó ná riamh ag baint leis an Aontas Eorpach.

Tá Éire ag tabhairt aghaidh ar an Uachtaránacht seo le teann freagrachta, diongbháilteachta agus sceitimíní.

Sna sé mhí amach romhainn, oibreoimid i gcomhpháirtíocht leis na Ballstáit, leis na hinstitiúidí Eorpacha agus lenár gcomhpháirtithe idirnáisiúnta ar mhaithe le cuidiú Aontas Eorpach atá níos láidre, níos sábháilte agus níos iomaíche a chur chun cinn – Aontas a dhéanann beart ar son na saoránach, a chosnaíonn ár gcomhluachanna, agus atá in ann dul i ngleic leis na dúshláin a bhaineann le domhan a bhíonn ag athrú.

Beidh sé ina mhórthosaíocht le linn ár nUachtaránachta a bheith ag cuidiú athléimneacht eacnamaíoch agus rathúnas fadtéarmach na hEorpa a chur chun cinn. Tacóidh Éire le hiarrachtaí chun bunsraitheanna an fháis inbhuanaithe a neartú, an Margadh Aonair a dhoimhniú, iomaíochas na hEorpa a fheabhsú, agus plé tábhachtach a chur chun cinn maidir le buiséad fadtéarmach an Aontais Eorpaigh, is é sin an Creat Airgeadais Ilbhliantúil (CAI) le haghaidh 2028-2034.

Ach tá i bhfad níos mó i gceist le hUachtaránacht na hÉireann ná beartais agus caibidlíocht.

Is le muintir na hÉireann an Uachtaránacht seo.

Is mian linn gur Uachtaránacht í seo a bheidh le feiceáil agus le brath i bpobail ar fud na tíre – rud a thabharfaidh an Eoraip níos gaire do na saoránaigh agus a dhéanfaidh an tionscadal Eorpach níos infheicthe sa saol laethúil.

Is é sin an fáth a mbeidh ról ag gach contae in Éirinn: trí thionscnaimh nasctha, forbróidh contaetha ar fud na hÉireann naisc fhiúntacha le tíortha fud fad na hEorpa. A bhuí le clár cultúrtha bríomhar, cuirfear saibhreas agus éagsúlacht na hEorpa i láthair i mbailte agus cathracha ó cheann ceann na hÉireann, agus cuirfear cruthaitheacht, cultúr agus traidisiúin na hÉireann os comhair ár gcomhpháirtithe Eorpacha san am céanna.

Beidh an t-oideachas lárnach inár nUachtaránacht freisin. Beidh deiseanna ag leanaí agus ag daoine óga ar fud na tíre níos mó a fhoghlaim faoin Eoraip, faoi na buntáistí a thug an tAontas Eorpach d'Éirinn agus a thabharfaidh sé dúinn amach anseo. Beidh siad in ann dul i mbun díospóireachta agus machnamh a dhéanamh ar an ról is féidir leo a ghlacadh maidir le todhchaí ár nAontais a mhúnlú.

Is deis ar leith í an Uachtaránacht seo – ní hamháin chun an tAontas a stiúradh ag am cinniúnach, ach chun fáilte a chur roimh an Aontas go hÉirinn.